Dé Sathairn, Meán Fómhair 11, 2010

A Glens Song, 'Airde Cuain'

Áirde Cuain

(Éist leis)

Dá mbeinn féin in Airde Cuain,
in aice an tsléibhe úd atá i bhfad uaim
B'annamh liom gan dul ar cuairt
go Gleann na gCuach de Domhnaigh

Cúrfa:
Agus och, och, Éire uilig is ó,
Éire lionn dubh agus ó
Is é mo chroí atá trom is bronach.

Is iomaí Nollaig a bhí mé féin
i mBun Abhann Doinne is mé gan chéill
ag iomáint ar an Trá Bhán
is mo chamán bán i mo dhorn liom

Cúrfa

Nach tuirseach mise anseo liom féin
nach n-airím guth coiligh, londubh nó traon,
gealbhán, smólach, naoscach féin
is chan aithním féin an Domhnach.

Cúrfa

Is é seo an choraíocht atá buan
is ar an tsaol seo go gcuirfeadh sé cluain
Mheallfadh sé an chaora ón uan
agus mheall sé uaimse an óige.

Cúrfa

Muna mbeadh agam féin ach coite is rámh
le go n-iomróinn ar an tsnámh
ag dúil le Dia go sroichfinn slán
is go bhfaighinnse bás in Éirinn.

Cúrfa

2 comments:

  1. Glé-mhath :D táim ag foghlaim an Gaeilge (Gaeilge Corca Dhuibhne is Gaelg Reachlainn).
    Thug mi an leabhar "Dhá Scéal Reachlainn agus Eile" an-de agus tha mi ga leughadh. Chan eil fhios agam ciamar ag radh seo an Gaidhlig Reachlainn :P

    ReplyDelete
  2. Cuirfidh mé suas fuaimeanan go moch de Ghaeilg Reachaidh.

    Gura maith a'd!

    ReplyDelete