Dé Sathairn, Meán Fómhair 11, 2010

A Rathlin Song, Mo Mháire Óg

MO MHÁIRE ÓG

D'éalaigh m'athair 's d'éag mo mháthair,
Is chan fhuil mo chairdean le fáil;
Ach cad atá mé gan chrodh gan toigh,
A bheith in dtóir ar Mháire Óg.

[seisd]
Hó-ró-ró 'gur thú mo rún
Thug mé an gaol 's cha b'aithreach liom,
Don níon úd an chúil dualaigh doinn,
Is gur teith liom féin mo Mháire Óg

Chan fhuil duine uasal ó ná barún
Ná fear óg anns na fearann
Nach bhfuil dúil acu le bainis
Gach uile fhear, le Máire Óg.

Chan fhuil duine sa ghleann úd thall,
Eadar bun 's barr a' ghleann',
Nach bhfuil ag bagairt ar mo cheann
Ar son bheith in dtóir ar Mháire Óg.

Ach ná cuireadh sin ortsa brón
Fad is bhéas mo chuideacht beo,
Coinneoidh mise duitse an lón,
Is má bha seór ann gheobhaidh sé dram.

1 comment:

  1. An bhfuil an fonn agat chomh maith? Do you have the tune too?

    ReplyDelete